How did Terri Hooley become the godfather of punk? “Punk was anarchy,” he said, “and I’d been waiting for it all my life.”
Born in 1948, Belfast boy Terri Hooley grew up in a city that was set to change with the onset of The Troubles in 1968. The local music scene was greatly affected by the violence, and many bands stopped coming to play in Northern Ireland. However, a rebellious new homegrown scene started to emerge: punk. From the moment Terri first experienced it, he was obsessed. He also loved its non-sectarian nature.
In 1976 Terri opened his legendary record shop, Good Vibrations, on Great Victoria Street. It soon also became a meeting place for the city’s punk movement, with Terri the movement’s cheerleader-in-chief.
He fought and argued hard for local bands to get heard and get signed on the major labels. When that failed, he set up his own label, also called Good Vibrations.
The breakthrough came when legendary Radio 1 DJ, John Peel, a champion of new music, played The Undertones’ Teenage Kicks, twice in a row – something that had never been done on air before.
The record shop, identifiable by the life-sized cut-out of Elvis outside, had a rollercoaster life, opening, closing, moving, closing, opening again, closing again and so on until Terri finally closed the doors for good in 2015.
But of course, Belfast’s celebrated godfather of punk was not going to fade away. A biopic, Good Vibrations, was made to widespread acclaim. There was a stage musical, a biography, a documentary plus countless articles and interviews.
One more thing. Terri signed away the rights to Teenage Kicks to Sire Records for £500, an autographed photograph of The Shangri-Las and a few albums. He wanted the photograph (which he finally got in 2013) and the albums for himself. The £500 was for a local band that needed a van. Of course.
Cad é mar a rinneadh ceannródaí punc de Terri Hooley? “Punk was anarchy,” a dúirt sé, “and I’d been waiting for it all my life.”
Rugadh Terri Hooley sa bhliain 1948, agus d’fhás an gasúr Bhéal Feirste aníos i gcathair a bhí ar tí athrú le tús na dTrioblóidí in 1968. Chuaigh an foréigean go mór i bhfeidhm ar shaol an cheoil, agus stop go leor bannaí de bheith ag teacht go Tuaisceart Éireann le seinm. Mar sin féin, tháinig saol nua míréireach chun cinn: punc. Bhí Terri dúghafa leis an phunc ón chéad eispéireas s’aige. Ní raibh punc seicteach, agus thaitin sin go mór le Terri.
D’oscaill Terri a shiopa ceirníní mór le rá, Good Vibrations sa bhliain 1976 ar Mhórshráid Victoria. Ba láthair chruinnithe é do ghluaiseacht phunc na cathrach, agus bhí Terri phríomhthacadóir don ghluaiseacht.
Throid agus d’áitigh sé go crua le go mbeadh na bannaí áitiúla cluinte agus sínithe ag na mórlipéid. Nuair a theip air sin, chuir a lipéad féin ar bun, thug sé Good Vibrations air sin fosta.
Tharla an dul chun cinn nuair a sheinn an DJ mór le rá Raidió 1, John Peel, laoch an cheoil nua, Teenage Kicks le The Undertones dhá uair i ndiaidh a chéile - rud nach ndearnadh ar an aer riamh.
Bhí an siopa ceirníní so-aitheanta mar gheall ar an ghearrthóg ar mhéid nádúrtha de Elvis taobh amuigh. Bhí an siopa thuas seal thíos seal, d’oscail sé, dhruid sé, bhog sé, dhruid sé, d’oscail sé arís agus dhruid sé arís agus mar sin de, dhruid Terri na doirse den uair dheireanach in 2015.
Ach ar ndóigh, ní raibh ceannródaí punc Bhéal Feirste ag dul a imeacht as radharc ar fad. Rinneadh scannán beathaisnéise darb ainm Good Vibrations ar a shaol, agus moladh go hard na spéire é. Bhí ceoldráma ardáin, beathaisnéis, clár faisnéise agus a lán alt agus agallamh air fosta.
Rud amháin eile. Dhíol Terri cearta Teenage Kicks le Sire Records ar £500, grianghraf sínithe de The Shangri-Las agus cúpla albam. Bhí sé ag iarraidh an grianghraf (a fuair sé in 2013 sa deireadh) agus na halbaim a choinneáil dó féin. Bhí an £500 fá choinne banna áitiúil a raibh veain de dhíth orthu. Ar ndóigh.